Lá an Chomhlathais i mBÁC

Foinse

Dé hAoine, 22 Márta 2013

Foinse Lá an Chomhlathais Rinneadh Lá an Chomhlathais a cheiliúradh san Acadamh Ríoga Éireannach, Sráid Dawson, Baile Átha Cliath ar an Luan, an 11 Márta, le teacht le chéile a bhí eagraithe ag an ngrúpa, Reform Group. Bhí Mary Kenny, údar, colúnaí agus tuairisceoir clúiteach mar aoi ag an ócáid. Thug sí caint eolasach chuimsitheach agus leag sí amach na buntáistí a bhaineann le ballraíocht an Chomhlathais. Léirigh sí ar dtús an caidreamh idir an Rí Seoirse a cúig agus an t-ambasadóir Éireannach John Dulanty ag am na scoilte i 1949, cúis aiféala ar gach taobh a bhí i gceist go mór mhór idir na hAontachtaithe ó thuaidh. As sin amach, cuireadh leis an teannas idir na dreamanna seicteacha éagsúla ar an oileán.

> Read more

Speak Your Mind

*